×
Register Here to Apply for Jobs or Post Jobs. X

Irish Language Commissioner – Executive Office

Job in Belfast, County Antrim, BT1, Northern Ireland, UK
Listing for: Strictlyboardroom
Full Time position
Listed on 2026-06-18
Job specializations:
  • Sales
    Sales Development Rep/SDR, Ecommerce, Sales Representative
Salary/Wage Range or Industry Benchmark: 79237 - 88908 GBP Yearly GBP 79237.00 88908.00 YEAR
Job Description & How to Apply Below
Position: Irish Language Commissioner – The Executive Office

Coimisinéir Teanga don Ghaeilge

CEAPACHÁN FÁ CHOINNE COIMISINÉIR TEANGA DON GHAEILGE

Tá Oifig an Fheidhmeannais (OF) ag iarraidh Coimisinéir Teanga don Ghaeilge a cheapadh.

Tá muid ag lorg duine spreagúil atá díograiseach tiomanta leis an deis ar leith seo a thapú leis an fhorbairt ar úsáid na Gaeilge sna húdaráis phoiblí a chosaint agus a fheabhsú. I dtaca leis an ról seo, beidh gá le duine a bhfuil na nithe seo a leanas aige: tuigse dhomhain ar bheartas teanga; dea-chuntas i ngnóthú an tsoláthair rathúil;

scileanna abhcóideachta; agus tiomantas láidir don ról.

Beidh an té a cheapfar in ann na buanna agus an taithí s’aige a thabhairt isteach leis an tionchar is mó agus is féidir a imirt agus é sa ról seo. Comhoibreoidh an té seo le réimse leathan páirtithe leasmhara – ina measc sin, na ranna rialtais, na húdaráis phoiblí, agus grúpaí pobail – le timpeallacht ionchuimsitheach a chruthú agus cuspóirí an róil a bhaint amach.

Beidh an sealbhóir poist ina Oifigeach Cuntasaíochta agus beidh sé freagrach don Tionól as an úsáid a bhaineann an comhlacht as acmhainní lena fheidhmeanna a chomhlíonadh.

Is ceapachán lánaimseartha é an post seo a mhairfidh tréimhse 5 bliana, agus beidh an fhéidearthacht ann go ndéanfar é a athnuachan don dara téarma, faoi réir feidhmíocht shásúil.

Beidh an luach saothair don Choimisinéir ar aon dul leis an méid atá ag an Státseirbhís Shinsearach (SSS) i Státseirbhís Thuaisceart Éireann (coibhéiseach le Grád 5 agus taobh istigh den raon £79,237 go £88,908 in aghaidh na bliana – faoi athbhreithniú).

Is ceapachán inphinsin é seo. Beidh speansais réasúnta taistil agus chothaithe iníoctha de réir rátaí Státseirbhís Thuaisceart Éireann (SSTÉ).

Comhionannas Deiseanna: Tá OF tiomanta do phrionsabail na gceapachán poiblí atá bunaithe ar thuillteanas, agus do mheasúnú neamhspleách, oscailteacht agus trédhearcacht sa phróiseas. Tá OF tiomanta do chomhionannas deiseanna a thabhairt agus fáiltíonn sé roimh iarratais ó iarratasóirí beag beann ar inscne, aois, stádas pósta, míchumas, creideamh, eitneacht, barúil pholaitiúil, gnéaschlaonadh, nó bíodh cleithiúnaithe ag an iarratasóir nó ná bíodh. An Suíomh Oibre fá Láthair: Tá sé seo le socrú, ach is dócha go mbeidh sé i mórcheantar Bhéal Feirste.

#J-18808-Ljbffr
Note that applications are not being accepted from your jurisdiction for this job currently via this jobsite. Candidate preferences are the decision of the Employer or Recruiting Agent, and are controlled by them alone.
To Search, View & Apply for jobs on this site that accept applications from your location or country, tap here to make a Search:
 
 
 
Search for further Jobs Here:
(Try combinations for better Results! Or enter less keywords for broader Results)
Location
Increase/decrease your Search Radius (miles)
0
200
Filters
Education Level
Experience Level (years)
Posted in last:
Salary